Iris Aniar Podcast
1) Máirtín Ó Niadh, Tiománaí Tacsaí
Tá tiománaithe tacsaithe míshasta mar gheall ar an gcorás Uber agus cinneadh déanta acu le dul ar stailc.
2) Gearóid Willie Ó Fátharta, Sríbhneoir
Seolfar an leabhar Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta Tigh Chualáin trathnóna amárach.
3) Máire Ní Chualáin, duine den dream a bhí ag obair ar an leabhar
Tá scéalta Pheadar Uí Dhomhnaill as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua curtha le chéile i leabhar atá le seoladh an tseachtain seo.
4) Ferdia McCrann, Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann
Cúrsaí aimsire- Tá stoirm Bram ar an mbealach.
5) Ciara Corbett, as Cárna
Bhí Ciara sa lucht féachana ag an Late Late Toy Show, Dé hAoine.
6) Maitiú Ó Coimín, Iriseoir
Beidh Maitiú ag eitilt as Aerfort Bhleá Cliath amárach agus é ag déanamh a bhealach go dtí an Antartach.
7) Dana Uí Raghallaigh & Máire Cáit Ní Raghallaigh
Beidh Máire Cáit agus a deartháir James ag jiveáil ar an Late Late Toy Show anocht.
8) Seán Seoighe, Oifigeach Turasóireachta Chomhlacht Forbartha an Spidéil
Tá féile nua Draíocht sa Spidéal atá eagrú ar an mbaile i mbliana.
9) Patsy Ó Conghaile & Caitríona Uí Laoi & Lochlainn Ó Tuairisg
Mír Omóis Bheairtle Uí Chonaire as an bPáirc sa Spidéal.
10) Ella Ní Mhadaoin agus Pauline Uí Mhurchú.
Bronnadh Gradam Chroí Oír Saoirse Ruane ar Ella Ní Mhadaoin ó Scoil Phobail Mhic Dara.