Barrscéalta Podcast
1) Deirdre Ní Bhraonáin Garraíodóir Cluain na dTor.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Thug sí comhairle inniu faoin dóigh is fearr le prátaí a chur.
2) David Mac Thadhg an tráchtaire spóirt agus bainisteoir ar an Bhoth.
Tabharfaidh Dún na nGall agus Muineachán aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Corn Mhic Cionnaith tráthnóna amárach ar Pháirc Uí hÉilí ar an Ómaigh.
3) Barrscéalta, clár iomlán, 16/01/2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga agus Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
4) Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie. Labhair sí inniu faoi chúrsaí bí agus cuairteoirí a bhí acu le gairid.
5) An Chmhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Thug an Comhairleoir Condae John Shéamais Ó Fearraigh le fios go bhfuil cead tugtha do Chonraitheoirí Roarty sé theach eile a thógáil ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair.
6) Caroline Ní Chnáimhsí, cúntóir cúram sláinte.
Labhair Caroline faoin chinneadh a rinne cúntóirí cúram sláinte atá ina mbaill den cheardchumann SIPTU i Seirbhís Tacaíochta Baile, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i nDún na nGall glacadh leis an...Show More
7) An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Bhí an Comhairleoir Contae ón Pháirtí Cúitimh 100% Denis Mac Aoidh i láthair ag cruinniú a bhí ag Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochta na hÉireann le Coiste na mBrící Lochtacha de Chomhairle Contae...Show More
8) An Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig.
Glacadh le rún, a mhol Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, ag cruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo, ócáid oifigiúil a eagrú do Noel Ó Gallchoir, Noel Johnny Sheáin as Gaoth Dobh...Show More
9) Imreoir Dhún na nGall Dáire Ó Baoill ag caint le Damien Ó Dónaill.
Bhí bua ag Dún Na nGall ar Dhoire tráthnóna inne i gcluiche leath cheannais Chorn Mhic Cionnaith agus beidh siad ag imirt Muineacháin sa cluiche ceannais anois ar an Satharn seo. Bronnadh laoch na him...Show More
10) Ursula Ní Shabhaois, tráchtaire polaitíochta atá lonnaithe in Iúr Chinn Trá.
Tá rún le cuir chun tosaigh ag cumann peile Sabhal i gContae an Dúin ag cruinniú de chuid coiste CLG An Dúin anocht. Sé’n rún, nach n-imreoidh foirne peile agus iománaíochta an Dúin i gcluichí sraithe...Show More